Tag: 上海419论坛FL


TURAS DO CHEATHRAR AR BHEALACH AN ATLANTAIGH FHIÁIN I NDÚN NA NGALL LE BAINT AR RTÉ RNAG


first_imgTá an clár Barrscealta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, i gcomhair le 10 gcinn d’óstáin i nDún na nGall, ag reáchtáil comórtas le theacht ar cheathrar, bíodh sin ina dhá lánúin/ beirt  pháirtnéir / beirt chairde le turas an Atlantaigh Fhiáin a dhéanamh i nDún na nGall.Beidh  beirt ag tosú i mBeart in Inis Eoghain, agus an bheirt eile ag tosú i mBun Dobhráin, ar an 16ú Lúnasa agus  beidh siad ag teacht le cheile i stiúideo RTÉ Raidió na Gaeltachta ar na Doirí Beaga ar an Aoine an 21ú Lúnasa le bheith beo ar an aer le Michelle Nic Grianna le labhairt faoin turas. Beidh siad ar an aer gach lá léi freisin, agus iad ag déanamh a mbealach go Gaoth Dobhair. Déanfaidh siad cur síos ar thuras an lae sin, an maith agus an t-olc, na radharcanna, na háiseanna agus mar sin de, agus theacht isteach Dé hAoine sa stiúideo lena dtuairim a thabhairt don phobal maidir le an fiú bealach an Atlantaigh Fhiáin a leanacht.Tá lóistín curtha in áirithe ag Barrscéalta i ndeich gcinn d’óstáin an chontae, do leaba agus bricfeasta, agus béile tráthnóna, agus beidh €500 d’airgead póca ar fáil freisin do gach cúpla.Más mian leat a bheith san iomaíocht do na duaiseanna breátha seo, atá dírithe ar dhuine ar bith ar fud na tíre, go háirithe b’fhéidir daoine nach raibh i nDún na nGall ariamh, cuir isteach d’ainm agus abair le Barrscéalta cén fáth ar cheart duitse an duais seo a bhaint.  Cuimhnigh go mbeidh dhá bhuaiteoir acu.Caithfidh Gaeilge a bheith ag na buaiteoirí le bheith in ann labhairt ar an turas, dár ndóigh.  Is é 5 Lúnasa an dáta deireanach d’iarratais. Bí i dteagmháil leo ar ríomhphost [email protected], nó cuir litir chucu Barrscéalta, RTÉ RnaG, Na Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall.Caithfidh na buaiteoirí a bheith saor leis an turas a dhéanamh ó 16 – 21 Lúnasa.Tá an t-eolas ar fad ar fáil ar leathanach Facebook Raidió na Gaeltachta, agus ar an suíomh idirlín www.rte.ie/rnagTURAS DO CHEATHRAR AR BHEALACH AN ATLANTAIGH FHIÁIN I NDÚN NA NGALL LE BAINT AR RTÉ RNAG was last modified: July 29th, 2015 by John2Share this:Click to share on Facebook (Opens in new window)Click to share on Twitter (Opens in new window)Click to share on LinkedIn (Opens in new window)Click to share on Reddit (Opens in new window)Click to share on Pocket (Opens in new window)Click to share on Telegram (Opens in new window)Click to share on WhatsApp (Opens in new window)Click to share on Skype (Opens in new window)Click to print (Opens in new window) Tags:BarrscéaltaRaidió na GaeltachtaRnaGlast_img read more




Recent Comments